An bhliain a chaith Éamonn ar an scoil i Leitir Ceanainn, bhí air éirí luath ar maidin le bheith ar an bhus ag 7.30a.m. agus ba ghnách leis teacht ar ais ag 7.30 tráthnóna. Cúig lá go leith a bhí i gceist agus mar sin de bhí sé doiligh am a fháil le rudaí eile a fháil déanta. Bhí ‘boarders’ agus ‘day boys’ ann ag an scoil.